Idir Mhagadh is Dáiríre 22

Idir Mhagadh is Dáiríre 22Tá an clár seo 14 nóiméad ar fhad agus díríonn sé ar Naomh Pádraig. Déanann an tOll. Gearóid Mac Eoin agus an tOll. Máirín Ní Dhonnchadha cur síos ar an stair a bhaineann le Naomh Pádraig agus ar na scéalta a thagann leis. Leanann an criú Pádraigín Clancy agus í ag déanamh an sean tóchar idir Baile an Tobair i gContae Mhaigh Eo agus Cruach Phádraig. Téann sise chuig an Athair Frank Fahey roimh ré agus tugann seisean tuilleadh eolais dúinn faoin Naomh agus faoin stair a tháinig leis. Déanann sé cur síos ar an turas agus cén fhad a thógann sé é a shiúl. Déanann fear eile, Seán Ó Cionnaigh, cur síos ar thuras na cruaiche agus ar an nádúr atá aige féin leis agus é á shiúl gach bliain ó bhí sé ina fhear óg. Labhraíonn an dá Ollamh ar leabhair a scríobhadh faoi Naomh Pádraig agus ar na scéalta atá sna leabhair sin. Insíonn said dúinn go raibh go leor scéalta éagsúla sna leabhair seo agus nár ghá go raibh siad ar fad fíor, seans go raibh siad ag cur scéalta breise leis an fhírinne. Déanann an tOllamh Mac Eoin agus an tOllamh Ní Dhonnchadha tagairt den dá cháipéis a fágadh ó Naomh Pádraig, an faoistin agus an litir agus an tábhacht a bhaineann leo seo ó thaobh an eolais atá againn ar an Naomh. Tá scéal Phádraig féin iontu seo agus mar sin is fiú iad a léamh. Aisteoirí: Pádraic Ó Tuairisc agus Peadar Ó Treasaigh Ceamara: Réamonn Mac Donnacha Turas Mhaigh Eo: Réamonn Mac Donnacha agus Bláithín Ní Chatháin Ceol: Na Bocaileiró, Eoin Coughlin, Frank Tarpey, Beartla Breathnach Eagarthóir: Eoin Mac Donagh Stiúrthóir: Dan Dwyer Léiritheoir: Rónán Ó Dubhthaigh

CountryIreland
CollectionICM & Ard-Media
Year2010
TimespanEarly 21st century, Second millenium AD, Second millenium AD, years 1001-2000, 21-st, 21st, 21st century, Chronological period, Time
Rightshttp://rightsstatements.org/vocab/InC/1.0/
Repository Pagehttps://www.europeana.eu/portal/record/15903/edl_cur_sios_IM...
Web Pagehttp://purl.oclc.org/edl_cur-sios/IMIDsr2cl22_gln.m4v...
Subject TermsNaomh Pádraig, Stair a bhain le Naomh Pádraig
ProviderICM Ard-Media